Leabharlanna gan Teorainn

Treoir Straitéiseach do Leabharlanna
Chathair Bhaile Átha Cliath 2019-2023

Is é misean Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná "seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dá cuid saoránach agus cuairteoirí agus gníomhú chun féiniúlacht shainiúil Bhaile Átha Cliath a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealach a aithníonn an t-am atá thart agus a dhaingníonn ár dtodhchaí"

Ar deireadh thiar thall, is éard atá i gceist leis an bplean seo ná ról lárnach leabharlann maidir le cur ar chumas Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath eolas agus tacaíochtaí a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuairteoirí agus d’oibrithe sa chathair.