Libraries Unlimited - A Strategic Direction for Dublin City Public Libraries 2019-2023
Comhthéacs athraitheach
Le blianta beaga anuas, tá aghaidh tugtha ag Leabharlanna Bhaile Átha Cliath agus an Chomhairle Cathrach i gcoitinne ar na dúshláin a ghabhann le hathruithe sóisialta, digiteacha agus eacnamaíocha. Is freagairt é Leabharlann gan Teorainn 2019-2023 ar dhomhan atá múnlaithe níos mó ag an idirlíon agus ag teicneolaíochtaí soghluaiste agus ag an tionchar a bhíonn acu ar an gcaoi a bhfaigheann muid rochtain ar fhaisnéis agus ina mbíonn muid ag lorg eolais nua. Braitheann cumas duine aonair le plé leis an raon leathan sin de theicneolaíochtaí agus de dheiseanna, ar an gcéad dul síos, ar fhorbairt gach cineál litearthachta. Is dócha gurb í an chuid is bunúsaí den oideachas agus den fhoghlaim fad saoil, rud atá ríthábhachtach do chumas an duine forbairt go hiomlán mar dhuine aonair, a n-acmhainn a chomhlíonadh, agus ról iomlán a ghlacadh inár sochaí. Is acmhainn ríthábhachtach iad leabharlanna maidir le tacú leis an litearthacht inár gcuid pobal. Trí roghnú agus trí sholáthar saineolach raoin leathain de leabhair agus d’ábhair eile i suíomh saor, oscailte agus neamhfhoirmiúil, is féidir le leabharlanna tacú le sealbhú scileanna litearthachta agus cabhrú le grá a chothú don léitheoireacht.
Tugadh an méid seo le tuiscint ónár gcomhchomhairle:
Tá rochtain ar an teicneolaíocht agus an litearthacht dhigiteach níos lárnaí anois maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí.
Tá fianaise ann faoi ró-ualach eolais agus faoi easpa muiníne i bhfoinse an eolais atá ar fáil.
Teastaíonn spás ó dhaoine chun fearais a athluchtú, na meáin shóisialta a sheiceáil agus rochtain éasca a fháil ar an Idirlíon.
Tá neamhspleáchas agus foghlaim fad saoil ríthábhachtach chun an cháilíocht bheatha a fheabhsú.
Tá patrúin oibre athraitheacha agus conarthaí éagsúla ag éirí ina ngnáthghnéithe den saol.
Tá sé níos riachtanaí anois in ré dhomhanda tionchar an leithlisithe a íoslaghdú agus tacú leis an ngá atá ag daoine le foghlaim agus naisc áitiúla a dhéanamh.
Tá tionchar á imirt ag an athrú ar an déimeagrafaic anois, lena n-áirítear aosú agus an éagsúlacht chultúrtha agus eitneach, chomh maith le heisiamh sóisialta agus easpa dídine.
Athrú agus treochtaí i Leabharlanna
Bíonn daoine a úsáideann ár gcuid seirbhísí ag súil le rochtain níos éasca agus níos mó ar ábhair ar líne.
I lár réabhlóide digití, is gá do leabharlanna smaoineamh as an nua chun a bhfiúntas a chruthú le nach measfaí go bhfuil siad seanfhaiseanta ná leamh.
Tá ár saoránaigh ag fás aníos agus ag caitheamh a saoil i bpríomhchathair ilchultúrtha.
Is gnách go mbíonn níos lú príobháideachta agus níos lú áiteanna poiblí ag daoine chun a machnamh a dhéanamh agus a scíth a ligean i gcathracha.
Tá infheistíocht leanúnach i mbonneagar teicneolaíochta ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfanann muid chun tosaigh.
Tá teannas dinimiciúil idir lárú seirbhísí agus an gá le seirbhísí áitiúla atá réidh le freagairt do na timpeallachtaí áitiúla.
Cuireadh brú ar an acmhainn foirne mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíoch agus an moratóir ar earcú foirne.
Tá spáis leabharlainne ag athrú go háiseanna pobail ilchuspóra a chuireann le cruthú áite agus le nasc pobail, a sholáthraíonn spás don chruthaitheacht agus don rannpháirtíocht, áiteanna ina dtagann daoine le chéile chun smaointe a roinnt agus eolas nua a chruthú.