Le blianta beaga anuas, tá aghaidh tugtha ag leabharlanna agus údaráis phoiblí ar na dúshláin a ghabhann leis an athrú sóisialta, digiteach agus eacnamaíoch. Leanann ár gcuid leabharlann poiblí orthu ag soláthar raon leathan seirbhísí atá saor in aisce agus inrochtana do gach saoránach. Ina theannta sin, tá leabharlanna á n-aithint níos mó mar áiteanna cultúrtha tábhachtacha a tháirgeann áit phoiblí neamhthráchtála atá oscailte agus nach bhfuil máistriúil. Ról uathúil é an ról sin mar gheatabhealach i dtreo an eolais agus na rannpháirtíochta i bpobail áitiúla. Sa chomhthéacs sin tá an-áthas orainn Leabharlanna gan Teorainn: Treoir Straitéiseach do Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath 2019-2023 a chur i láthair, ina leagtar amach fís láidir agus treoir straitéiseach shoiléir um fhorbairt inbhuanaithe na seirbhísí leabharlainne agus cartlainne poiblí de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar feadh na tréimhse cúig bliana ó 2019 go 2023.
Tá an Plean uaillmhianach seo socraithe laistigh de chreat straitéiseach ina bhfuil sé cinn d’uaillmhianta ardleibhéil, de théamaí agus de ghníomhartha tosaíochta agus tógann sé ar phleananna agus cláir a sholáthraíonn seirbhís leabharlainne na Comhairle Contae. Ba é athbhreithniú ar an tseirbhís reatha a mhúnlaigh é agus a bhí mar bhonn eolais dó chomh maith le comhchomhairle le páirtithe leasmhara agus anailís ar na fachtóirí agus na treochtaí a spreagann an t-athrú. Tógtar san áireamh ann freisin beartais reatha, go háirithe an straitéis náisiúnta a foilsíodh le déanaí do Leabharlanna in Éirinn ‘Ár-Leabharlanna 2022’.
Cuireann an Plean seo le buanna reatha, agus leagtar amach ann bealach atá uaillmhianach agus insroichte um sheirbhísí nua, nuálacha agus feabhsaithe a fhreastalaíonn ar riachtanais agus leasanna athraitheacha shaoránaigh Bhaile Átha Cliath.
An tArdmhéara
Príomhfheidhmeannach