Leabharlanna gan Teorainn

Treoir Straitéiseach do Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath 2019-2023

Language Version: English / As Gaeilge

I bhFócas


I bhFócas
An Leabharlann Chathrach ag Cearnóg Parnell

I mí Dheireadh Fómhair 2018 baineadh amach cloch mhíle thábhachtach sa tionscadal nuair a rinneadh iarratas pleanála ar an mBord Pleanála le haghaidh na forbartha. Le baint amach na sprice sin tagann deireadh le tréimhse de phlé dian idir foireann na leabharlainne agus foireann dearaidh ildisciplíneach atá faoi stiúir Grafton Architects.

Leis an tionscadal cuirfear forbairt 11,000 méadar cearnach d’fhoirgnimh nua agus reatha agus de réimse poiblí ar fáil ar an taobh ó thuaidh de Chearnóg Parnell, ait a mbíodh Coláiste Mhuire. Is í an ghné lárnach den tionscadal ná LEABHARLANN CHATHRACH NUA do Bhaile Átha Cliath. Beidh raon áiseanna cultúrtha ann, lena n-áirítear mol ceoil, spás dearaidh, spás idirchultúrtha, ionad oideachais, café agus áiteanna taispeántais agus iad go léir ceangailte ag plás poiblí nua ar ardchaighdeán.

Is éard atá i gceist leis an tionscadal seo, atá treoraithe ag na téamaí FOGHLAIM CRUTHAIGH GLAC PÁIRT, ná athrú ó bhonn, ní hamháin trí athnuachan limistéir fhisicigh an tionscadail, ach freisin deiseanna um athrú ó bhonn do na daoine a úsáideann an leabharlann agus na háiseanna eile.

Soláthróidh na háiseanna nua sin spáis phoiblí oscailte don fhoghlaim, don chultúr agus do chumarsáid shóisialta. Beidh na spásanna deartha chun daoine a spreagadh, fáilte a chur rompu agus ról a thabhairt dóibh. Bainfidh cuairteoirí ar an gCeathrú Chultúrtha taitneamh as rogha deiseanna, imeachtaí agus seirbhísí. Tá seacht dtéama nó seacht gcoincheap lárnacha a chuireann síos ar nádúr na leabharlainne.

  1. Foghlaim fad saoil ag croílár na leabharlainne.
  2. Áit spreagúil do pháistí, d’ógánaigh agus do theaghlaigh
  3. Áit chruinnithe sibhialta agus mol cultúrtha
  4. An Teach Scéalaíochta: Spás don chultúr agus don litríocht chomhaimseartha.
  5. Tacú le gnó agus fiontraíocht
  6. Caidrimh, ceangail agus comhar a chothú
  7. Leabharlann dhigiteach don 21ú haois

Tá naisc láidre ag an tionscadal PSCQ le agus tacaíonn sé le cláir oibre sibhialta, náisiúnta agus AE maidir le foghlaim fad saoil, litearthacht dhigiteach, cuimsiú sóisialta agus cultúrtha. Le déanaí d’fhoilsigh an Coiste um Chultúr agus um Oideachas (CULT) i bParlaimint na hEorpa bileog threorach faoi ról nua leabharlann poiblí. Fuair siad an méid seo a leanas:

  • Is geatabhealaí tábhachtacha chuig eolas agus cuimsiú iad leabharlanna. Tugann 100 milliún duine cuairt ar 65,000 leabharlann an AE - i go leor tíortha is iad an institiúid chultúrtha is mó a úsáidtear í.
  • Is seirbhísí poiblí uathúla iad sa mhéid is go soláthraíonn siad spás cultúrtha poiblí oscailte nach bhfuil máistriúil agus ar spás neamhthráchtála é.
  • Tá luach eacnamaíoch dá bpobail ag leabharlanna ar féidir é a thomhas. Rinne leabharlanna Cheanada agus Mheiriceá Thuaidh a dToradh ar Infheistíocht (ROI) a ríomh. Ar gach $1 a infheistíodh iontu, ghin leabharlann frithluach de $5.63. Freisin ríomh siad go bhfuair úsáideoirí leabharlainne seirbhísí ar luach $500 gach bliain. Sna samplaí sin léirítear go suntasach gur féidir le leabharlanna luach breise a ghiniúint as na cistí poiblí a chaitear orthu.
  • Tá siad á n-aithint ag pleanálaithe uirbeacha diaidh ar ndiaidh mar chrainn taca don mhórshráid, agus iad ag cur le hathfhorbairt uirbeach agus ag cur beatha i gcodanna tréigthe den chathair.

An Leabharlann Chathrach de réir na bhFigiúirí

  • Cuirfidh an Leabharlann fáilte roimh 3000 cuairteoir in aghaidh an lae, 1 mhilliún cuairteoir in aghaidh na bliana
  • Oibreoidh sé seirbhís 7 Lá
  • Leabharlann 8,000 méadar cearnach mar chuid d’fhorbairt 11,500 méadar cearnach
  • 1000 suíochán do léitheoirí
  • 150,000 mír sa bhailiúchán
  • Spás comhdhála agus 200 suíochán ann
  • 2 spás cluthar taibhléirithe agus spás iontu do 45 agus 60 le haghaidh an fhocail labhartha agus ceoil.
  • Réimse spás cruinnithe do ghrúpaí beaga de 2, do ghrúpaí níos mó de 25 agus níos airde

Clár le cur i gcrích

Cinneadh pleanála:

Bealtaine 2019

Deireadh an tréimhse tairisceana:

2020

Críochnú na Tógála:

Tús 2023

Feistiú agus oscailt:

Fómhar 2023


I bhFócas
Leas a Bhaint as Cumhacht Cónaitheachtaí

Chomh fada siar leis na 1990í rinne muid iniúchadh ar na deiseanna agus na féidearthachtaí a ghabhann le cónaitheachtaí leabharlainne maidir le húsáideoirí leabharlainne a mhealladh. Trí chónaitheachtaí a éascú ligeadh dúinn tabhairt faoin obair ríthábhachtach chun ár gcuid bailiúchán a chur i ngnímh, comhpháirtíochtaí a chruthú, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha an lae inniu ar bhealach bríomhar, samhlaíoch. Cé gurbh amhlaidh san am atá thart gurbh iad leabhair an príomhmheán trínar chabhraigh muid le daoine chun cuairt a thabhairt ar dhomhain eile, anois cuireann muid fáilte roimh gach rud ó dhamhsa, bia agus spraoi go na meáin dhigiteacha agus cláir chultúrtha faoi na téamaí is corraithí, chun spéis ár lucht spéise a chothú.

Ó scríbhneoirí, léitheoirí, filí, ealaíontóirí, agus níos deireanaí, staraithe agus ceoltóirí, ligeann ár gcláir ghníomhacha chónaitheachta dúinn oibriú i gcomhpháirt le ‘cairde neamhghnácha’ chun bealach éifeachtach a sholáthar le torthaí dearfacha a bhaint amach dár gcuid úsáideoirí go léir. Tá tairbhí cómhalartacha ag baint leis na cláir sin. Cuirtear acmhainní ar fáil do chónaitheoirí lena n-áirítear spás, am agus tacaíocht airgeadais chun saothair a chruthú, smaointe a iniúchadh agus rudaí nua a thriail, chomh maith leis an deis a gcleachtas a fhorbairt trí na smaointe atá le fáil sa leabharlann a nochtadh. Freisin tugann sé rochtain dóibh ar lucht spéise nua agus iad ag cruthú saothar nua. B’fhéidir gurb é an ról is tábhachtaí atá acu ná a gcumas ionadh a chur ar ár gcuid úsáideoirí agus an pobal i gcoitinne a spreagadh chun leabharlanna a mheas mar spáis chruthaitheacha.

Trí chláir, taispeántais, agus oiliúint a chur ar fáil le húsáideoirí leabharlainne agus lenár mbaill foirne, tá tairbhí le baint amach do gach páirtí. Tá baill foirne díograiseacha agus sásta na cláir a chur chun cinn, is mian leo scileanna agus smaointe nua a fhoghlaim, agus tá siad ag súil go mór le hoibriú i gcomhar leis na cónaitheoirí. Tá raon leathan imeachtaí curtha ar fáil ag ár gcuid cónaitheoirí, lena n-áirítear ceardlanna scríbhneoireachta, saothair ealaíne, amharclannaíocht, rince, cuir i láthair agus imeachtaí le scoileanna, teaghlaigh agus grúpaí áitiúla, rud a ligeann dóibh a gcuid modhanna a gcuid tionscadal agus a spreagadh a roinnt leis an bpobal. Trí phostálacha blag agus imeachtaí poiblí éagsúla chabhraigh ár gcuid cónaitheoirí le léargas a thabhairt ar luach, leithne agus inrochtaineacht na mbailiúchán leabharlainne agus iad á gcur ar fáil do lucht spéise i bhfad níos leithne.

Tá tomhas déanta againn ar rath na gclár sin de réir ár gcuid spriocanna tosaigh, lena n-áirítear an leibhéal ard spéise sna cláir arna dtairiscint agus freastal ar imeachtaí, an raon de rudaí dearfacha a chuir úsáideoirí leabharlainne in iúl, leibhéal agus minicíocht an phlé le pobail agus scéalta dearfacha faoi chumhachtú méadaithe chun na cláir a iniúchadh agus foghlaim uathu.

STARAITHE CÓNAITHEACHA CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH

In Earrach 2017 d’fhostaigh muid foireann de Staraithe Cónaitheacha páirtaimseartha chun oibriú le pobail ar fud na cathrach faoi choimirce na nDeich mBliana de Chuimhneacháin. Oibríonn na staraithe sna cúig cheantar riaracháin i gCathair Bhaile Átha Cliath chun an stair agus foinsí stairiúla a dhéanamh inrochtana agus taitneamhach do chách. Oibríonn na cónaitheoirí ar gach cineál imeachta staire ar fud na cathrach lena n-áirítear cainteanna, siúlóidí, turais, plé, clubanna leabhar staire, blaganna, taispeántais agus níos mó.

An t-éacht is tábhachtaí, dar liom, atá bainte amach againn inár n-aonar agus le chéile ná an stair a thógáil chuig áiteanna nach mbíonn sí de ghnáth. I mo chás féin, ba é a bhí i gceist ná léachtaí faoi Herbert Simms i bpobail den lucht oibre i lár na cathrach, cainteanna ar Dhomhnach Gaelach i dtithe club an CLG agus ár sraith léachtaí i bpríosúin.
- Donal Fallon, Staraí Cónaitheach
Spéis mhéadaitheach a fhorbairt inár n-oidhreacht roinnte le daoine de gach aois agus cúlra ar fud Bhaile Átha Cliath Theas-Láir, stair Náisiúnta a mhíniú trí imeachtaí a tharla go háitiúil trí chainteanna, siúlóidí, athléirithe, taispeántais agus ócáidí.
- Cathy Scuffil, Staraí Cónaitheach, an Ceantar Theas-Láir

BAILE ÁTHA CLIATH CATHAIR LITRÍOCHTA UNESCO - LÉITHEOIRÍ CÓNAITHEACHA

Is bealach nuálach é an clár Léitheora Chónaithigh do dheiseanna a chur ar fáil le rannpháirtíocht dhearfach i leabharlanna agus leis an léitheoireacht do pháistí a bhfuil cónaí orthu i lár cathrach Bhaile Átha Cliath. Fostaíodh triúr saineolaí sa litríocht do pháistí le dhá bhliain anuas agus úsáid á baint as maoiniú ó Thionscnamh Lár na Cathrach Thoir Thuaidh. Spreagann an clár léitheoireacht le haghaidh pléisiúir trí raon leathan de leabhair ardchaighdeáin, oiriúnach d’aois ó réimse údar agus seánraí a thaispeáint do pháistí.

Is é ról na Léitheoirí ná cuairt a thabhairt ar ghrúpaí ina gcuid scoileanna agus leabhair agus gníomhaíochtaí spreagúla a roghnú le taispeáint do na páistí agus na daoine óga. Glacann rannpháirtithe páirt i gcuairteanna leabharlainne, faigheann siad cárta ballraíochta leabharlainne agus glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí scile mar chuid den chlár.

Bhí deis ag go leor de léitheoirí óga an chláir freisin freastal ar ócáidí le húdair agus maisitheoirí mór le rá ar nós Jeff Kinney, Dave Rudden, Andy Griffiths, Pamela Butchart, Korky Paul, Caroline Busher agus Helena Duggan. Roimh na himeachtaí sin cuireann na Léitheoirí na grúpaí in aithne do shaothar an údair agus déanann siad na socruithe praiticiúla leis na scoileanna.

Ról an-uathúil agus speisialta é Léitheoir Cónaithe, lig sé dom oibriú leis na céadta páistí chun domhan na leabhar nach raibh eolas acu faoi a chur in aithne dóibh. Is féidir grá don léitheoireacht a nochtadh uair ar bith i saol an duine, ach nuair a nochtar ag aois óg í is bronntanas í a bheidh leat ar feadh do shaoil. Creidim go daingean gur chabhraigh an Clár Léitheora Chónaithe le go leor daoine óga grá do leabhair agus don léitheoireacht a aimsiú. Baintear an-luach saothair as mo phost nuair a fheicim páistí ag screadach le háthas nuair a deir tú leo go bhfuil siad chun dul chuig an leabharlann, an t-áthas agus an bród orthu agus a gcárta leabharlainne féin faighte acu agus nuair a ghealtar a n-aghaidheanna le scéal.
- Julianne Mooney Léitheoir Cónaitheach (Bunscoileanna)

Tionscadal Lár na Cathrach Thoir Thuaidh - AN TIONSCADAL SCILEANNA DIGITEACHA.

Is gníomhaíocht í códú a bhfuil níos mó páistí agus daoine óga ag cur spéise inti. Bunaíodh an Tionscadal Scileanna Digiteacha chun clár códaithe ardchaighdeáin a sholáthar i dtimpeallacht leabharlainne. Is éard atá i Coder Dojo ná gluaiseacht phobail de ‘clubanna cláraithe ríomhaire saor in aisce do dhaoine óga atá faoi stiúir saorálaithe.’ Fostaíodh Comhordaitheoir Tionscadal le maoiniú ó Thionscnamh Lár Cathrach Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath chun an clár a rith. Ar an Satharn, i leabharlann Mheal Charleville, soláthraíonn Dojo do Theaghlaigh seisiúin inar féidir le páistí idir 7 agus 12 bhliain d’aois foghlaim conas códú a dhéanamh, agus moltar do bhaill den teaghlach (tuismitheoirí, siblíní, etc.) úsáid a bhaint as saoráidí na leabharlainne. Ar an gCéadaoin, sa Leabharlann Láir, cuirtear fáilte roimh dhéagóirí, idir 13 agus 17 mbliana d’aois oibriú ar thionscadail ríomhaire i dtimpeallacht réchúiseach, shóisialta.

Roghnaíodh an clár seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar leabharlanna na hÉireann ag Generation Code: Born at the Library tionscnamh Leabharlann Poiblí 2020, arna óstáil i bParlaimint na hEorpa arb í an aidhm atá i gceist léi ná tionscnaimh dhigiteacha nuálacha a thaispeáint i leabharlanna na hÉireann agus feasacht a ardú faoi sheirbhísí leabharlainne.

An rud a spreagann mé, ach go háirithe, faoin gcur chuige, ná na líonraí sóisialta a thagann chun cinn i measc rannpháirtithe déagóra, na mianta oideachais agus gairmiúla a fhorbraíonn sa lucht freastail óg, agus an nascacht atá ag teacht chun cinn idir na rannpháirtithe agus na leabharlanna a chuireann na seisiúin ar fáil'
Joanne Dolan, Comhordaitheoir CoderDojo

BAILE ÁTHA CLIATH CATHAIR LITRÍOCHTA UNESCO - SCRÍBHNEOIRÍ CÓNAITHEACHA

D’oibrigh Declan Burke agus Elizabeth Reapy, scríbhneoirí cónaitheacha, le grúpaí scríbhneoireachta i leabharlanna ar fud na cathrach, agus déanann siad léamha poiblí chomh maith le hoibriú ar a scríbhneoireacht féin. Áirítear le gníomhaíochtaí máistirranganna saor in aisce ar idirphlé, léamha don phobal in Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus seisiúin do ghrúpaí scríbhneoireachta chun iniúchadh a dhéanamh ar chuir chuige maidir le scríobh na filíochta.

Bhí go leor gnéithe taitneamhacha ag baint le ról an scríbhneora chónaithigh, cuid acu a bhain le cairdeas nach rabhthas ag súil leo, cairdeas a mhairfidh i bhfad tar éis dom imeacht ón bpost, cuid acu a bhaineann le tuiscint a fháil ar chomh leathan agus chomh domhain is atá an bhuíon scríbhneoirí cumasacha nár tarraingíodh orthu fós, buíon atá laistigh de chreat na ngrúpaí scríbhneoirí leabharlanna Bhaile Átha Cliath. Ar mo shon féin, oscailt súl a bhí ag teastáil go géar ab ea an bhliain a chaith mé mar scríbhneoir cónaitheach, a mheabhraigh dom cén fáth gur phioc mé suas peann den chéad uair agus gur thosaigh mé ag milleadh leathanaigh bhána fhoirfe: an lúcháir shimplí – an lúcháir is simplí riamh – a bhaineann leis an ord is fearr a chur ar fhocail.
Scríbhneoir Cónaitheach Declan Burke

CEOLTÓIR CÓNAITHEACH CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH

Is í Ríona Sally Hartman an chéad Cheoltóir Cónaitheach a bhí ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath riamh. Is amhránaí, cumadóir, oideoir agus stiúrthóir banna í a léiríonn agus a chumann i mBéarla agus i nGaeilge. Is í an sprioc atá i gceist le clár an Cheoltóra Chónaithigh ná raon deiseanna rannpháirtíochta ceoil a thairiscint do bhaill den phobal chun éisteacht le ceol, é a sheinm, a léiriú agus a cumadh i dtimpeallacht struchtúrach thacúil. Tá taithí luachmhar á tairiscint ag an gclár maidir le tionscnaimh cheoil a phíolótú chun bonn eolais a chur faoi chláir i Leabharlann na Cathrach agus i gCeathrú Chultúrtha Chearnóg Parnell. Tríd an gclár, atá dírithe ar gach aoisghrúpa ach ina bhfuil béim faoi leith ar ógánaigh agus daoine fásta a mhealladh, tháirg an clár ceardlanna trialach ucailéile do gach aois, ceardlanna ar scríobh liricí atá dírithe ar ógánaigh agus daoine fásta, bunú cór daoine fásta a chan “Song for Suffrage” ag Féile Staire Bhaile Átha Cliath, cóisirí éisteachta ceoil atá dírithe ar dhaoine fásta a roghnaigh ceol ó acmhainní na Leabharlainne Ceoil le hé a seinm agus a phlé agus tacaíocht a chur ar fáil do bhanna mheáin dhigiteachaógánach.

Pé uair a thagann daoine le chéile agus é ar intinn ceol a dhéanamh, tarlóidh sé is cuma faoi chumais.
Ríona Sally Hartman, Ceoltóir Cónaitheach

PLEANANNA CÓNAITHEACHA DON TODHCHAÍ

Crainn Taca Dhigiteacha/Déantóirí Cónaitheacha:

Is saintréith de ghlúnta óga an lae inniu ná an t-éileamh ar chruthú trí mheáin dhigiteacha. Tá daoine óga ag athshainiú saothar cruthaitheach trí fhuaim agus físeán digiteach a úsáid, agus tá fonn orthu foghlaim faoi na huirlisí teicneolaíochta go léir ar féidir leo a úsáid chun a gcruthaitheacht a chleachtadh, agus iad a úsáid. Le linn shaolré “Leabharlanna gan Teorainn”, leanfaidh muid orainn ag obair le cónaitheachtaí agus le samhlacha eile chun déanamh cinnte go mbeidh an deis ag an oiread saoránach agus is féidir plé go cruthaitheach leis na meáin digiteacha. Freastalóidh muid ar an ngá méadaitheach le seirbhísí digiteacha a sholáthar trí roinnt Crann Taca Digiteach a fhostú a bheidh bunaithe i gceantair. Is é an ról a bheidh acu ná cabhrú le húsáideoirí leabharlainne aithne a chur ar an raon iomlán de theicneolaíochtaí digiteacha agus a n úsáid a chur chun cinn. Beidh uirlisí táirgthe ilmheán ar fáil le húsáid ag foireann leabharlainne chomh maith leis an bpobal. Tacóidh déantóir cónaitheach lena n-úsáid agus beidh cúram leagtha ar an déantóir cónaitheach chun “eitic haiceálaí” a chothú i measc úsáideoirí agus foireann leabharlainne mar an gcéanna.

Léitheoirí Cónaitheacha:

Méadóidh muid an tionscadal um léitheoirí cónaitheacha chun leanúint ar aghaidh leis an bplé reatha agus chun plé a leathnú go níos mó scoileanna, agus ar an mbealach sin gach ceantar DCC a shroicheadh

Oibrí óige/Oibrí for-rochtana pobail cónaitheach:

Déanfaidh muid iniúchadh ar an gceist an féidir plé le cleachtóirí óige agus pobail chun tionchar ár gcuid seirbhísí a leathnú chuig na grúpaí sin a d’fhéadfadh nach measfaidís gur seirbhísí dóibh siúd iad, agus déanfaidh muid scrúdú ar réimsí amhail Obair óige agus for-rochtain phobail dhigiteach chun plé le pobail i seirbhísí easpa dídine, moil teaghlaigh agus soláthar díreach


I bhFócas
Féile Staire Bhaile Átha Cliath

I 2013 sheol Leabharlanna Cathrach Bhaile Átha Cliath an chéad Fhéile Staire Bhaile Átha Cliath. Tacaíonn an fhéile lenár gcuspóir uileghabhálach chun stair agus oidhreacht Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann a chaomhnú, a roinnt agus a chur chun cinn agus taighde stairiúil a spreagadh agus a éascú. Is í aidhm na n-imeachtaí sin ná stair a dhéanamh níos inrochtana trí raon leathan d’ábhair staire suimiúla a thairiscint, agus iad curtha i láthair ag cumarsáidithe den scoth, agus léargas á thabhairt ar ghné den stair ar bhealach siamsúil agus eolasach.

Ó shin chuaigh an tionscnamh ó neart go neart agus is í an fhéile staire saor in aisce is mó in Éirinn anois í. Le 6 bliana anuas i measc na gcainteoirí bhí Jung Chang, Alison Weir, Ian Kershaw, Tom Holland, Simon Schama, Peter Frankopan, Richard Evans, Charles Spencer, Hew Strachan, Peter Snow, Robert Harris, Janina Ramirez, Michael Palin agus go leor eile.

Taispeánann an Fhéile stair ó go leor réanna, seánraí agus áiteanna éagsúla: ó stair idirnáisiúnta go háitiúil, ó quizeanna agus léarscáileanna, go hábhair chomh héagsúil le longbhriseadh, bochtaineacht, spraoi sráide, siopadóireacht sa ré Sheoirseach agus fiú Johnny Cash. Ghnóthaigh sé clú agus cáil as staraithe Éireannacha agus idirnáisiúnta mór le rá a tharraingt go Baile Átha Cliath chomh maith le staraithe Éireannacha agus a dtaighde a chur os comhair lucht spéise níos leithne, agus déantar a scríbhneoireacht agus scoláireacht nua faoi raon leathan d’ábhair staire a chur i láthair.

Freisin soláthraíonn an Fhéile ardán don Chomhairle Cathrach chun béim a chur ar a cuid oibre, le comhghleacaithe ón tseandálaíocht; an Oifig Ealaíon; Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath An Hugh Lane; Teach an Ardmhéara; seirbhísí oidhreachta; Dún Richmond; Halla na Cathrach; 14 Sráid Henrietta agus na staraithe cónaitheacha go léir a ghlacann páirt i gcomhar le foireann na leabharlainne agus na cartlainne.


I bhFócas
Déanamh ag an Leabharlann

Oibreoidh muid chun áiteanna déantóra a fhorbairt inár gcuid leabharlann.

Tugann áiteanna déantóra i leabharlanna deis d’úsáideoirí rudaí a chruthú (rudaí fisiceacha nó fíorúla) agus úsáid a bhaint as acmhainní mar ríomhairí, gabháil fuaime agus físe agus uirlisí eagarthóireachta, gearrthóirí léasair agus vinile, gunnaí sádrála, códú, róbataic, printéirí 3-D chomh maith le soláthairtí ceardaíochta traidisiúnta cosúil le meaisíní fuála, Lego agus ábhair ealaíne. I spás déantóra i leabharlann, is féidir le daoine d’aoiseanna difriúla oibriú le chéile, ina n-aonar nó le foireann na leabharlainne ar thionscadail chruthaitheacha. Ceanglaíonn siad daoine le huirlisí, le teicneolaíocht agus le ceangail shóisialta a bhféadfadh nach mbeadh rochtain acu orthu murach sin. Is í an sprioc ná ligean do gach duine foghlaim trí thurgnamh díreach agus óna chéile fad atá spéis á spreagadh acu san eolaíocht, sa teicneolaíocht, sa dearadh agus i bhfoghlaim fad saoil.

I rith shaolré an phlean forbróidh muid 3 spás déantóra nua i Leabharlann na Cúlóige, Leabharlann Bhaile Formaid, agus veain soghluaiste do dhéantóirí chun rannpháirteachas le scoileanna, clubanna agus grúpaí pobail eile a cheadú. Is í an aidhm thar aon rud eile ná go bhfásfaidh agus go bhforbróidh gníomhaíochtaí i ngach leabharlann, agus go léireoidh siad ábhair spéise uathúla na bpobal a bhfuil siad ag freastal orthu.

Tacófar lenár gcuid spásanna déantóra i Leabharlanna le cónaitheachtaí digiteacha. (féach ar leathanach na gcónaitheachtaí) Is í an aidhm a bheidh i gceist leis an gclár ná cabhrú le húsáideoirí leabharlainne agus baill foirne aithne a chur ar an raon iomlán de theicneolaíochtaí digiteacha agus a n-úsáid a chur chun cinn.


I bhFócas
Ár Spáis Leabharlainne

Críochnaíodh tionscadail athchóirithe i Leabharlanna Bhaile Formaid agus Shráid Chaoimhín idir 2013 agus 2018. Is ionann an leibhéal infheistíochta sna tionscadail sin agus méadú ar ghealltanas Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath chun ár gcuid spás a fheabhsú. Ba é méid iomlán na hinfheistíochta i mBaile Formaid ná €2.7m, agus táthar díreach tar éis Sr Chaoimhín a chríochnú ar chostas €4m. Is é a baineadh amach leis an dá thionscadal sin ná leabharlanna atá feistithe chun na seirbhísí a sholáthar a mbíonn ár gcuid úsáideoirí ag súil leo: spás méadaithe d’úsáid phobail; solúbthacht agus níos mó spás imeachta ar fáil, trí sheomraí breise a sholáthar i mBaile Formaid nó troscán a chur isteach ar féidir é a bhogadh i Leabharlann Sr Chaoimhín; feabhsúcháin ar inrochtaineacht; dearadh geal, nua-aimseartha a chuimsíonn naisc le pobail áitiúla; soláthar méadaithe ríomhairí don phobal agus teicneolaíocht fhéinseirbhíse; agus feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh trí huasghráduithe ar chórais fuinnimh agus ghloinithe. Freisin chuir na tionscadail sin le corp eolais ár n-eagraíochta, agus deis á chur ar fáil dóibh foghlaim ó thionscadal amháin go tionscadal eile, agus muid ag feabhsú de réir mar a bhogann muid ar aghaidh.

Tá na ceachtanna a foghlaimíodh ó thionscadail Leabharlann Bhaile Formaid agus Shráid Chaoimhín ríthábhachtach agus muid ag bogadh isteach i dtréimhse d’infheistíocht mhór i bhfeabhsú ár mbrainsí reatha sa Chúlóg, i bhFionnghlas agus i dTír an Iúir agus freisin i méadú ár líonra brainsí go Cromghlinn-Droimeanach agus teorannacha na cathrach Thuaidh-Láir.

Le hathchóiriú Leabharlann na Cúlóige tarraingítear go sonrach ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thionscadal Bhaile Formaid – agus an leas is fearr á bhaint as foirgnimh plean oscailte ó dheireadh an 20ú haois agus foirgnimh fheidhmiúla sheanchaite á n-athrú ó bhonn go spáis gheala, sholúbtha, áit ar féidir leis an tsamhlaíocht teacht i mbláth. Is i mBaile Formaid agus sa Chúlóg a bheidh na chéad áiteanna déantóra dár gcuid - áit oibre chomhoibritheach do dhéanamh, foghlaim, iniúchadh agus comhroinnt a bheidh i gceist, áit ina n-úsáidfear uirlisí teicneolaíochta agus uirlisí neamhtheicneolaíochta araon. Tá na háiteanna sin oscailte do pháistí, daoine fásta agus fiontraithe agus tá raon de threalamh déantóra iontu lena n-áirítear printéirí 3D, gearrthóirí léasair, iarainn sádrála agus fiú innill fuála.

Rinneadh ár gcumas le foirgnimh a ceapadh agus a tógadh i ré eile a dhéanamh inúsáidte inniu, fad a chaomhnaítear na gnéithe stairiúla sin a dhéanann na foirgnimh sin uathúil, a bheachtú tríd an athchóiriú ar Leabharlann Shráid Pheambróg agus Ráth Maonais agus níos deireanaí le Sráid Chaoimhín. Beidh solúbthacht an fheistithe i Leabharlann Shráid Chaoimhín agus an obair athchóirithe a rinneadh ar Leabharlann Dhroim Conrach, mar bhonn eolais faoinár n-obair ar ár gcuid foirgneamh oidhreachta go léir.


I bhFócas
Ról Fhoireann na Leabharlainne 'tá Cead Agat Ceist a Chur Orm'

Chun go mbeifear in ann seirbhísí leabharlainne a thógáil chuig an bpobal beidh gá le cumais éagsúla uathu siúd a theastaíonn chun freastal ar chustaiméirí ag an gcuntar. Tá súil againn go dtiocfaidh réimsí scile nua chun cinn agus go mbeidh gá leanúnach le hathnuachan, a bheidh ríthábhachtach chun tacú le rochtain ag custaiméirí ar sheirbhísí agus ar nuáil leanúnach.

Is áis choitianta phobail iad Leabharlanna ag a bhfuil fréamhacha daingne i bpobail. Tá na rudaí a bhíonn ar siúl ina leabharlann tábhachtach do dhaoine agus tá foireann leabharlainne bródúil as a mbaineann siad amach trína bplé síoraí leis an bpobal gach lá.

  • Coimeádann muid bailiúcháin fhisiceacha i bprionta agus i bhfoirm dhigiteach do na glúnta atá le teacht
  • Baineann muid bacainní roimh an eolas amach agus coimeádann muid eolas le haghaidh na nglúnta atá le teacht
  • Osclaíonn muid doirse d’aigní fiosracha ag croílár pobal
  • Cabhraíonn muid libh grá don léitheoireacht a fhorbairt
  • Cabhraíonn muid leat an t-eolas a theastaíonn uait i do shaol a aimsiú, a thuiscint agus a úsáid
  • Soláthraíonn muid spás áitiúil saor in aisce agus fáilteach a ligeann duit do mhachnamh a dhéanamh, iniúchadh a dhéanamh agus go leor spraoi a bheith agat agus tú ag ligean do scíthe agus ag foghlaim ag do luas féin agus ar do bhealach féin
  • Molann muid féinbhrath agus cumas comhoibriú, cumarsáid a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach

I bhFócas
Seirbhísí do Leanaí

I rith shaolré an phlean forbartha roimhe seo, shocraigh muid 2090 imeacht do pháistí, déagóirí agus teaghlaigh agus deis tugtha do lucht freastail de 70,000 i réimsí spéise éagsúla agus an leabharlann chomh maith le hacmhainní á gcur chun cinn.

Bhí cláir éagsúla i gceist, ó chuairt a thabhairt ar thaispeántas go páirt a ghlacadh i gceardlann, féachaint ar léiriú amharclainne, scil nua a fhoghlaim nó éisteacht le cainteoir spreagúil.

D’oibrigh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath leis an Oifig Ealaíon, le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Leabhair Pháistí Éireann, Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath, chun beocht a chur in ábhair do pháistí, déagóirí agus dá dteaghlaigh.

Nós na léitheoireachta

Snáithe láidir de chlár na leabharlann atá sa léitheoireacht, ón am scéalaíochta le rannta méire agus leabhair phictiúir gach seachtain a mbíonn éileamh mór air go feachtas léitheoireachta ar fud na cathrach. Tugtar cuireadh do scoileanna chuig turais den leabharlann, amanna scéalaíochta agus cuairteanna ag údair. Imeachtaí bliantúla san fhéilire atá i bhfeachtais léitheoireachta ar fud na cathrach, ina gceiliúrtar scoth de scríbhneoireacht na hÉireann agus ina gceanglaítear údair le léitheoirí. Tá an t-idirghníomhú sin fíorluachmhar maidir le páistí a spreagadh le léamh, scríobh agus tarraingt a thuilleadh. Is ról tábhachtach é freisin do leabharlanna tacú le tallann áitiúil ionas go léirítear páistí na hÉireann agus a saol sa scríbhneoireacht Éireannach.

I rith an tsamhraidh, bíonn Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath lán le páistí ag clárú do chártaí léitheoireachta don Fheachtas Náisiúnta Léitheoireachta Samhraidh. Trí pháistí a choimeád ag léamh le linn an tsamhraidh déantar cinnte nach laghdaíonn caighdeáin litearthachta agus tá an feachtas léitheoireachta ina ghné lárnach den bheartas náisiúnta leabharlainne ‘Right to Read’. Ag deireadh an tsamhraidh, tugtar cuireadh do pháistí agus dá dteaghlaigh teacht chuig an leabharlann le haghaidh searmanais chun a n-éacht léitheoireachta a cheiliúradh.

Taispeántas : Anne Frank

Is dócha go bhfuil 'Diary of a Young Girl' le Anne Frank i measc na gcuimhní cinn is mó aitheantais a scríobh déagóir. D’fhorbair Iontaobhas Anne Frank taispeántas ilmheán spéisiúil inar insíodh Scéal Anne agus rinneadh nuashonrú air chun teachtaireachtaí caoinfhulaingthe agus measa ar dhaoine eile a chur chun cinn. Rith an taispeántas ar feadh dhá mhíosa i Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, agus bhí éileamh mór air mar thug 118 scoil ó cheantar Bhaile Átha Cliath cuairt ar Leabharlann Shráid an Phiarsaigh i gcaitheamh na tréimhse. Mar chuid de gach cuairt tugadh turas treoraithe agus taispeánadh Scéal Anne Frank. Cheap na páistí go raibh sé cumhachtach agus corraitheach agus chuir sé beocht sa scéal do na páistí. Dúirt dalta amháin ó ghaelscoil “Is breá liom tú, tá tú mo role-model.”

Cultúr agus na hEalaíona do pháistí:

Is é atá i gClár na nEalaíon i Leabharlann do Pháistí ná comhpháirtíocht uathúil idir na leabharlanna agus an oifig ealaíon i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun cláir ardchaighdeáin sna healaíona a thabhairt go páistí. Bíonn go leor ar siúl do pháistí i leabharlanna cosúil le ceardlanna ar scríobh scéalta, déanamh ealaíne, cruthú ceoil agus beochan íomhá ar íomhá. I gcaitheamh na mblianta, d’fhéach páistí ar thaibhléirithe ardchaighdeáin ó Théatar Branar, Puipéid Púca, Téatar Bombinate agus Téatar Lovett. Chruthaigh siad saothair le ceoltóirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus rinceoirí. Leanfaidh an ghné iontach sin, de leabharlanna mar spásanna ina ndéantar iniúchadh ar na healaíona, ar aghaidh agus ‘moil chruthaitheacha’ ag teacht chun cinn i gceantair áirithe. Cuireadh tús leis an gcéad mhol cruthaitheach i leabharlann Bhaile Formaid, áit a bhfuil 4 scoil ag foghlaim faoi rince agus iad ag obair le cóiréagrafaí rince, Maria Nilson Waller i bhFómhar 2018 / Earrach 2019. Tá comhpháirtithe cultúrtha eile rannpháirteach sa mhol cosúil le Coláiste Ceoil na Coille Móire, Family Base, Comhpháirtíocht Bhaile Formaid/Shéipéal Iosóid agus Oifig Ealaíon agus Pobail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Eolaíocht:

Gach bliain forbraíonn muid clár imeachtaí i rith Sheachtain na hEolaíochta agus Seachtain na nInnealtóirí agus is í an aidhm atá i gceist leis ná páistí a spreagadh chun spéis a chur san eolaíocht agus in ábhair STEM. I measc na gclár tá ceardlanna praiticiúla, códú, ceardlanna lego agus cainteanna le saineolaithe i go leor réimsí. Cuireadh Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath ar ghearrliosta do dhámhachtain Chambers i 2012 dá chlár eolaíochta Science is all around us. I 2014, thóg Fondúireacht Eolaíochta Éireann an spásaire NASA Greg ‘Box’ Johnson go leabharlann Bhaile Formaid. Sheirbheáil Johnson ar dhá eitilt spáis agus bhí sé ag an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta. Tar éis ceist a chur air an raibh díomá air tar éis teacht ar ais ar talamh, dúirt sé “a Thiarna, ní raibh, ní raibh mé san Astráil fós agus ba bhreá liom an giotár a sheinm le banna raic, an bhfuil aon rud níos iontaí ná sin”. Bhí sé spreagúil éisteacht le Johnson ag caint agus an teachtaireacht aige ‘is féidir leatsa an rud céanna a rinne mise a dhéanamh. Níl i gceist ach obair chrua.’