Is áiteanna iontaofa iad Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath a chothaíonn an fhiosracht ionas gur féidir le deiseanna, le mianta agus leis an tsamhlaíocht bheith faoi bhláth.
Luachanna
Rochtain chomhionann
An ceart ar eolas
Meas ar gach duine
Prionsabail treorach – Ár mian
Eascraíonn na prionsabail lárnacha a threoraíonn fás agus forbairt leantach Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh shaolré an phlean seo ó chultúr eagraíochtúil ina bhfuil éiteas láidir maidir le cuimsiú sóisialta agus seirbhís don chustaiméir.
Spás don fhoghlaim fad saoil
Is cuid lárnach dár mian áiteanna fáilteacha a chur ar fáil ina mbíonn deis ag daoine rochtain a fháil ar ábhair agus treoir a lorg faoi rud ar bith a cheadaíonn do mheanma fionnachtana agus foghlama fad saoil a bheith faoi bhláth ag gach céim den saol.
Lúcháir na léitheoireachta
Aithníonn muid luach nádúrtha na léitheoireachta agus na litearthachta maidir le deiseanna saoil a mhéadú agus freisin molann muid do gach duine léamh chun a scíth a ligean agus teacht ar dhomhain eile.
Tá leabharlanna saor in aisce
Creideann muid go bhfuil leabharlanna saor in aisce ag croílár fhreagairt na seirbhísí údaráis áitiúil ar phobal athraitheacha Chathair Bhaile Átha Cliath. Tugann muid rochtain saor in aisce ar eolas agus faisnéis chun cumhachtú pearsanta agus pobail a cheadú agus chun sochaí níos eolaí a chruthú.
Comhionannas agus éagsúlacht
Cruthaíonn muid ábhar agus eolas ónár gcuid bailiúchán éagsúil agus tacaíonn muid le húsáideoirí leabharlainne chun a n-ábhar féin a chruthú. Cuireann muid ar chumas daoine agus pobal scéalta a insint a léiríonn na luachanna meas agus cuimsiú agus a thugann guth d’éagsúlacht an chultúir agus na taithí inár gcathair. Déanann muid teagmháil ach go háirithe leo siúd a d’fhéadfadh nach measfaidís go mbaineann leabharlanna agus cultúr leo.
Athrú ar riachtanais agus ionchais
Tá muid tiomanta d'fhreastal ar ionchas ár gcuid úsáideoirí maidir le rochtain shofaisticiúil agus shóisialta ar ábhar digiteach a chomhlíonadh. Leanann muid orainn ag súil lena mbeidh á lorg ag ár bpobail ó na leabharlanna a fhreastalaíonn orthu, agus ag freagairt don mhéid sin.
Cruthaitheacht agus nuálaíocht
Tá ár bhfoireann dianseasmhach agus seiftiúil maidir le freagairt do thimpeallacht a bhíonn ag athrú go tapa. Is í an aidhm atá againn ná bheith mar sheirbhís fhoghlama a leagann luach ar an nuáil agus ar an gcruthaitheacht agus a dhéanann tagarmharcáil i gcónaí de réir an deachleachtais ar fud an domhain.